Roy Keane
(2014) | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Beathaisnéis | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Breith | (en) Roy Maurice Keane 10 Lúnasa 1971 53 bliana d'aois Corcaigh, Éire | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Faisnéis phearsanta | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Airde | 178 cm | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Gníomhaíocht | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Gairm | imreoir sacair, bainisteoir sacair | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Teangacha | Béarla | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Tír spóirt | Éire | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Spórt | sacar | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Sraith spóirt | Príomhroinn Shasana | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Ionad ar an bhfoireann / speisialtacht | Imreoir lár páirce | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Ghlac sé/sí páirt i | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
2002 | Corn FIFA an Domhain 2002 | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
1994 | Corn FIFA an Domhain 1994 | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Gradam a fuarthas | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Is iarimreoir agus traenálaí sacair é Roy Maurice Keane (Gaeilge: Roy Muirís Ó Catháin), a rugadh ar an 10 Lúnasa 1971 i gCorcaigh, Poblacht na hÉireann. D'imir sé le Manchester United ón bhliain 1993 go dtí 2005 sa Premier League, agus d'imir sé freisin le foireann náisiúnta Phoblacht na hÉireann. Chríochnaigh sé le bliain amháin ag imirt le Ceiltigh Ghlaschú in Albain. Chaith 'The Red Devils' £3.75m ar Roy, an méid is mó riamh ag an am. Bhí achrann idir é féin agus a thraenálaí i Manchester United, Alex Ferguson, tar éis agallamh teilifíse a thug Keane do stáisiún an chlub, nár cuireadh amach riamh, agus d'fhág sé an club chun dul ag imirt le Celtic, an club a thacaigh sé mar bhuachaill óg. D'éirigh sé as imirt ar an 12 Meitheamh 2006.
Bhí Keane ina thraenálaí ar an bhfoireann Sunderland A.F.C. idir 2006 agus 2008 agus Ipswich Town F.C. idir 2009 agus 2011. I mí na Samhna 2013, roghnaíodh mar bhainisteoir cúnta Phoblacht na hÉireann é, faoi bhainisteoireacht Mháirtín Uí Néill.
Corn an Domhain 2002
[cuir in eagar | athraigh foinse]D'imir Roy i gCorn an Domhain 1994 agus bhí sé ar fhoireann na hÉireann arís i gcomhair Chorn an Domhain 2002. Ba é Keane captaen na foirne, ach tharla achrann cáiliúil idir é féin agus an traenálaí Mick McCarthy i Saipan, agus níor ghlac Roy aon pháirt sa chomórtas. Tá an dráma I, Keano bunaithe ar an méid a tharla i Saipan.
Gairm mar bhainisteoir
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tar éis dó éirí as an gcluiche mar imreoir, thóg sé a chéad phost mar thraenálaí le Sunderland. Nuair a chuaigh sé i mbun oibre bhí an fhoireann ag bun an Championship agus Niall Quinn ina thraenálaí sealadach orthu. Chuir Keane muinín agus neart isteach san fhoireann arís, agus chríochnaigh siad ar bharr na sraithe, éacht a tháinig aniar aduaidh ar chách. An chéad sprioc a bhí aige don chéad bhliain eile ná an fhoireann a choimeád slán sa Premier League, agus rinne siad amhlaidh sa séasúr 2007-2008. D'éirigh Keane as an bpost, ar an 4 Nollaig 2008, tar éis drochthoradh sa bhaile in aghaidh Bolton Wanderers. Tháinig sé chun solais níos déanaí gur fhág sé de bharr easaontas idir Keane féin agus úinéirí an chlub.
D'fhan Keane amach as an spotsolas sna míonna ina dhiaidh sin, ach thosaigh na ráflaí ag fás arís nuair a briseadh traenálaí Ipswich Jim Magilton as a phost ar an 22 Aibreán 2009. Cuireadh substaint leis an gcaint seo ar an 24 Aibreán nuair a d'fhógair an club go hoifigiúil go raibh Keane ceaptha acu, ar chonradh dhá bhliain. Briseadh as a phost é sa bhliain 2011.
Bhí sé luaite ar an toirt mar chomharba ar Giovanni Trapattoni nuair a briseadh seisean as a phost, ach b'ábhar ionaidh é nuair a ceapadh mar bhainisteoir cúnta de chuid Martin O'Neill é.
Thosaigh Roy Keane leis an gCeilteach i 2005 chun deireadh a chur lena shaol sa pheil. Thacaigh sé leis an gclub mar pháiste agus d'imir sé don chlub go dtí 2006 nuair a d'éirigh sé as peil ghairmiúil. Bhuaigh Celtic an dúbailte an bhliain sin agus chríochnaigh Keane a ghairm bheatha.
Gairm mar anailísí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chaith Keane seal ina dhiaidh sin mar aoi agus anailísí ag cur na cluichí móra Eorpacha agus idirnáisiúnta i láthair ar chláir spóirt UTV. Bíonn Keane le feiscint go minic san aon phainéal amháin le Micah Richards nó ar chlár nó phodchraoladh Gary Neville, The Overlap.
- Mar imreoir
- 1989-1990 : Cobh Ramblers
- 1990-1993 : Nottingham Forest
- 1993-2005 : Manchester United
- 2005-2006 : Glasgow Celtic
- Mar thraenálaí
- 2006-2008 : Sunderland
- 2009-2011 : Ipswich Town
- 2013-: Poblacht na hÉireann (bainisteoir cúnta)
Staitisticí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Clubanna
- Cobh Ramblers: 12 cluiche 1 chúl amháin
- Nottingham Forest: 123 cluiche 22 cúl
- Manchester United: 444 cluiche 55 cúl
- Glasgow Celtic: 10 gcluiche 1 chúl amháin
- Iomlán: 589 cluiche 79 cúl
- Idirnáisiúnta
- Poblacht na hÉireann: 66 caipín agus 9 gcúl