Oisín (filíocht)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarOisín

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálduine ficseanúil
carachtar liteartha Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthaithe agJames Macpherson Cuir in eagar ar Wikidata
Comhthéacs
I saotharThe Works of Ossian Cuir in eagar ar Wikidata
Bunaithe arOisín Mac Fhinn Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnefireann Cuir in eagar ar Wikidata
Slí bheathafile agus bard Cuir in eagar ar Wikidata
Breithluach anaithnid Cuir in eagar ar Wikidata
IMSLP: Category:Ossian Cuir in eagar ar Wikidata
Baineann an t-alt seo le saothar James Macpherson san 18ú haois; má tá suim agat sa charachtar miotaseolaíochta, féach Oisín mac Finn.

Carachtar ficseanúil, file agus laoch Ceilteach is ea Oisín (Gaeilge na hAlban: Oisean; Béarla: Ossian). Mhair sé, de réir an tseanchais, sa 3ú haois, agus ba é Fionn Mac Cumhaill a athair.

Filíocht Oisín

[cuir in eagar | athraigh foinse]
‘Ossian’ le François Pascal Simon Gérard, 1801

Sa bhliain 1760, foilsíodh an leabhar Fragments of Ancient Poetry Collected in the Highlands of Scotland. Dúirt an t-aistritheoir (mar dhea), James Macpherson, gur filíocht ársa a bhí ann, ábhar a bhailigh sé sa Ghàidhealtachd sna hEileanan Siar. Toisc gur éirigh go breá le Fragments of Ancient Poetry, d’fhoilsigh Macpherson leabhair eile: Fingal, an Ancient Epic Poem in Six Books (1761), Temora: An ancient epic poem (1763), agus The Works of Ossian (1765). Bhí an-tóir ar na leabhair seo ar fud na hEorpa.

Is é Oisín féin an scéalaí. Is seanfhear é, dall agus uaigneach, ag cuimhniú ar na seanlaethanta, ar chathanna agus ar ghníomhartha gaisciúla.

D’éirigh thar barr leis na leabhair agus foilsíodh aistriúcháin in go leor teangacha éagsúla. Thaitin Oisín go mór le Thomas Jefferson, Napoléon Bonaparte agus Denis Diderot.

D'imir filíocht Oisín tionchar mór ar an nGluaiseacht Rómánsach, mar shampla ar an bhfile Johann Wolfgang von Goethe.

Rogha scríbhinní a bhaineann le téamaí Oisíneacha:

Bhí téamaí Oisíneacha flúirseach sa phéintéireacht freisin: Ossian le François Pascal Simon Gérard, Aisling Oisein le Jean Auguste Dominique Ingres, dhá phictiúr le Anne-Louis Girodet, Malvina le Ary Scheffer agus go leor pictiúr leis an ealaíontóir Danmhargach Nicolai Abilgaard, srl.

Scríobh Jean-François Le Sueur ceoldráma dar teideal Ossian, ou Les Bardes (Gaeilge: Oisín, nó Na Baird) in 1804. Chuir Franz Schubert ceol le go leor dánta Oisíneacha. Sa bhliain 1829, thug Felix Mendelssohn cuairt ar na hEileanan Siar agus scríobh sé Die Hebriden (Inse Ghall), atá cáiliúil mar Die Fingalshöhle (Uaimh Fhinn).

Bhí conspóid mhór ann faoi Oisín agus na foinsí ar bhain Macpherson úsáid astu. Chreid daoine áirithe gur chum sé na dánta as an nua. Bhí an Dr. Samuel Johnson, mar shampla, amhrasach faoin saothar agus bhí sé ag iarraidh na bunscríbhinní a fheiceáil. Rinne Johnson tagairt d’fhilíocht Oisín ina leabhar A Journey to the Western Islands of Scotland in 1775. Sa lá atá inniu ann, creidtear go forleathan gur scríobh Macpherson féin go leor den fhilíocht, ach go raibh a shaothar bunaithe ar sheanbhailéid i nGaeilge na hAlban. Mar sin, bhí Macpherson ina réamhtheachtaí ag bailitheoirí na seanfhilíochta, leithéidí Raibeart Burns agus Walter Scott. In 1952 d’fhoilsigh Ruaraidh MacThòmais an leabhar The Gaelic Sources of MacPherson’s “Ossian”, ina scrúdaíonn sé na foinsí Gaelacha a d’úsáid Macpherson.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]