Feabhrán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoFeabhrán
Heracleum sphondylium Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdApiales
FineApiaceae
GéineasHeracleum
SpeiceasHeracleum sphondylium Cuir in eagar ar Wikidata
L., 1753

Planda rúpach débhliantúil a fhásann 3 m ar airde is ea an feabhrán[1]odhrán. Tá sé dúchasach do na réigiúin mheasartha ó thuaidh. Bíonn na duilleoga suas le 30 cm ar fhad, roinnte i dteascáin ubhchruthacha nó lansa-chruthacha, go minic liopach nó fiaclach. Na bláthanna bán nó scoth-bhándearg in umbail 5-15 cm ar leithead. An toradh leata leathaneiteach. Gaolmhar leis an bhfeabhrán capaill atá níos mó ná é, ag fás suas le 5 m ar airde. Sa chás seo, bíonn spotaí dearga ar na gais, agus na humbail suas le 50 cm ar leithead. Dúchasach d'iardheisceart na hÁise. Fástar mar mhaisiúchán é uaireanta, ach is féidir go gcuirfidh sé tús le greannú pianmhar craicinn má dhéantar tadhall leis i solas geal gréine.[2]

  1. “Heracleum sphondylium” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
  2. Hussey, Matt (2011). "Feabhrán". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 256.